Ábhar Athbhreithnithe Tástáil Teoirice Tiomána

theory-test-hero-image

Ábhar Athbhreithnithe Oifigiúil ar fáil Anois

Eagrán nua don ábhar athbhreithnithe Tástáil Teoirice Tiomána Oifigiúil ar fáil s’na siopaí agus ar líne anois!

Ábhar Athbhreithnithe don Tástáil Teoirice Tiomána (Leabhar & CD ROM)

Catagóirí A agus B

The Official Driver Theory Test Questions and Answers, Motorcycles, Cars and Work Vehicles – An 6ú Eagrán, Deireadh Fómhair 2013: do chatagóirí A (Gluaisrothar) agus B (Carr agus Feithicil Oibre) sna Tástálacha Teoirice Tiomána

Catagóirí C, D agus CPC

The Official Driver Theory Test Questions and Answers, Truck and Bus (including Step 1 and Step 2 of Driver CPC) – An 6ú Eagrán, Deireadh Fómhair 2013: do chatagóirí C (Trucail), D (Bus) agus CD (Bus agus Trucail) sna Tástálacha Teoirice Tiomána Is é atá sa leabhar seo faisnéis a bhaineann go sonrach le hIarrthóirí do Chatagóirí C agus D. Cuirtear sa leabhar leis an eolas a ghnóthaíonn tiománaí agus an Tástáil Teoirice agus an Tástáil Phraiticiúil do Chatagóir B á ndéanamh aige/aici. Mar aon lena bhfuil thuas, is féidir le hiarrthóirí do Chatagóirí C, D agus CD staidéar a dhéanamh ar an Leabhar Rialacha an Bhóthair ón RSA agus ar lámhleabhair ghaolmhara amhail The Official DSA Guide to Driving Buses / Coaches and Heavy Goods Vehicles.

Tástálacha Modúil Bhus agus Trucaile

The Official Driver Theory Test Questions and Answers, Truck and Bus (including Step 1 and Step 2 of Driver CPC) – An 6ú Eagrán, Deireadh Fómhair 2013: do chatagóirí C (Trucail), D (Bus) agus CD (Bus agus Trucail) sna Tástálacha Teoirice Tiomána Is é atá sa leabhar seo faisnéis a bhaineann go sonrach leis an Tástáil Modúil Bhus agus leis an Tástáil Modúil Trucaile araon. Tabharfar sa leabhar cúnamh d’iarrthóirí tástáil teoirice modúil a chur i gcrích go rathúil i gCatagóir C nó D.