- Theorytest.ie Baile
- Cairt do Chustaiméirí
- Beartas
- Fúinne
- Nuacht is Déanaí
- Tástáil Teoirice Tiomána
- ADI - Teagascóir Tiomána Faofa
Fúinne
Cuireann Prometric Ireland Limited an tseirbhís Tástála Teoirice Tiomána ar fáil thar ceann an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre. Tá ceanncheathrú Prometric, fo-chuideachta a bhfuil ETS ina úinéir iomlán air, in Baltimore, Maryland, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ceannródaí atá aitheanta ar fud an domhain é i soláthar seirbhísí tástála agus measúnaithe atá cumasaithe ag an teicneolaíocht. Tá Prometric in Éirinn ó 1997 agus soláthraíonn siad seirbhísí tástála i níos ná 50 ionad a tógadh le sainchuspóir ar oileán na hÉireann. Ligeann a liosta cuimsitheach seirbhísí, lena n-áirítear forbairt tástála, seachadadh tástála agus cumais do bhainistíocht sonraí, do chliaint cláir thástála dhomhanda a fhorbairt agus a lainseáil chomh maith le torthaí agus sonraí cláir a thomhas go cruinn. Seachadann agus riarann Prometric tástálacha go hiontaofa thar ceann 450 cliaint sna margaí acadúla, proifisiúnta, cúram sláinte, rialtais, corparáideacha agus teicneolaíochta faisnéise. Seachadann sé tástálacha ar bhealach solúbtha ar an nGréasán nó trí úsáid a bhaint as líonra téagartha ionad tástála i 135 tír.
Téigh go dtí www.prometric.com le do thoil d’fhonn tuilleadh eolais a fháil.
Eolas Teagmhála
Tá cúnamh agus faisnéis ghinearálta faoin tseirbhís um Thástáil Teoirice Tiomána ar fáil trí ríomhphost, ár líne teileafóin 24 uair nó ar an láithreán gréasáin seo. Gearrtar costas ar gach glaoch ag ráta áitiúil (Íos-ghlao).
Teileafón:
- 1890 606 106 - Béarla
- 1890 606 806 - Gaeilge
- 1890 606 216 (Fón Téacs)
Má tá cúnamh speisialta ag teastáil uait, cuir ar an eolas muid le do thoil. Bíonn ár bhFoireann Seirbhísí Custaiméara ar fáil i gcónaí chun cúnamh a thabhairt:
Ríomhphost: theorytesthelp@prometric.com
NÓ
FOIREANN CÚRAIM: 1890 606 406 (08.00 go 18.00, Luan go hAoine, gan laethanta saoire poiblí a bheith san áireamh)

