- Theorytest.ie Baile
- ADI Baile
- Suíomhanna Ionad Tástála
- Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin
- Taithí Tástála
- Riachtanais maidir le Cruthúnas Céannachta
- Ábhar Athbhreithnithe
- An chaoi do thástáil a chur in áirithe
- Ceisteanna Coitianta
Ceisteanna Coitianta
- Cén fáth ar tugadh isteach an tástáil?
Cuir fiosruithe ó iarrthóirí faoi bhráid an RSA le do thoil:
Uimhir teagmhála – 096 25007
Ríomhphost– adi@rsa.ie- Cé mhéad tástálacha teoirice atá ann?
Tá tástáil ann do na catagóirí ceadúnais A, B, C, D, EC.
- Cén chaoi a ndéanfainn iarratas chun an tástáil a dhéanamh?
Trí dul go dtí www.theorytest.ie nó trí ghlaoch ar 1890 606 106 (Ráta Lo Call).
- Cé mhéad ionaid tástála atá ann?
Tá 41 suíomh ar fud na tíre a bhfuil ionaid tástála bhuana nó ionaid tástála shoghluaiste ag déanamh freastail orthu
- Céard a tharlóidh nuair a théim go dtí an tIonad?
Déanfaidh baill foirne an Ionaid Tástála seiceáil ar do cháipéisíocht (litir dearbhúcháin) agus dearbhú ar do chéannacht (ceadúnas tiomána reatha bailí nó pas). Síneofar isteach ansin thú agus taispeánfar tú go dtí an áit a bhfuil do staisiún oibre agus déanfaidh tú an tástáil ansin.
- Cén t-ábhar a mbeidh orm staidéar a dhéanamh air chun pas a fháil sa tástáil?
Féadfar an fhaisnéis seo a aimsiú sa leabhrán ADI, leathanach 11 ar fáil ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.
Uimhir teagmhála – 096 25007
Ríomhphost – adi@rsa.ie
Láithreán gréasáin – www.rsa.ie- Cén fhad a thógfaidh sé chun an tástáil a chríochnú?
Beidh sé seo ag brath ar an líon catagóirí ceadúnais a mbeifear ag tabhairt fúthu. Tógfaidh an príomhrannán mar aon le catagóir cheadúnais amháin thart ar 1 uair agus 40 nóiméad. Cuir thart ar 20 nóiméad ar leataobh do gach rannán eile ina dhiaidh sin.
- Cé mhéad ceisteanna atá sa tástáil?
Beidh sé seo ag brath ar an méid catagóirí a mbeidh tú ag tabhairt fúthu. Tá 90 ceist sa chéad chuid den scrúdú agus ansin tá 21 ceist i ngach rannán catagóire.
- An mbeifeá in ann dearbhú le do thoil an chatagóir tástála a mbeidh mé ag tabhairt faoi?
Tá 2 rannán sa tástáil, príomhrannán a dtugann gach iarrthóir faoi agus rannán (nó rannáin) catagóire a bhaineann leis an gcatagóir (na catagóirí) tiomána ina mbíonn tú ag teagasc. Beidh na rannáin den scrúdú a thabharfar duit bunaithe orthu siúd a ndearna tú iarratas orthu agus a bhfuil faomhadh faighte agat ón RSA chun iad a dhéanamh. Beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an RSA chun na catagóirí tástála a dhearbhú nó breathnú ar an litir a d’eisigh an RSA.
- Mura bhfuil m’uimhir teidlíochta ar eolas agam, an féidir liom tástáil a chur in áirithe i gcónaí?
Is féidir – má thugann tú do shonraí pearsanta, is féidir linn cuardach a dhéanamh chun d’uimhir teidlíochta a fháil agus tástáil a chur in áirithe duit. Murar féidir é seo a dhéanamh, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an RSA agus iarratas a dhéanamh ar uimhir teidlíochta.
- An mbeidh orm íoc as an tástáil?
Íoctar an RSA as an bpróiseas cláraithe ADI iomlán agus ní bheidh ort íocaíocht a dhéanamh nuair atá tú ag cur an tástáil teoirice in áirithe. Ní bheidh ag teastáil ach d’uimhir teidlíochta.
- An féidir liom mo choinne tástála a athrú go dtí am éigin eile?
Is féidir leat do choinne tástála a athrú go dtí am éigin eile ar an gcoinníoll go ndéanfar an t-iarratas 5 lá oibre roimh an gcoinne tástála.
- Níl mé ach ag déanamh catagóir amháin den tástáil. Cén fáth go mbeidh mo choinne ag maireachtáil 2.5 uair?
Cuirimid am i leataobh don choinne tástála do gach scrúdú atá 2½ uair ar an meán. Nuair a dhéanfaidh tú an scrúdú ag an ionad, beidh do liúntas ama rialaithe ag an gcóras agus tabharfar an t-am ceart duit don scrúdú.
- Má fhaighim pas sa chéad chuid den scrúdú agus má theipeann orm sa dara cuid, an mbeidh orm an scrúdú iomlán a dhéanamh arís?
Beidh – ní mór duit an dá chuid den scrúdú a fháil ag aon am amháin chun pas a fháil.
- Má tá tástáil do chatagóir amháin faighte agam, an mbeidh orm an chéad rannán a dhéanamh arís má tá uaim cáiliú do chatagóir eile?
Ní bheidh – comhuain is a bheidh an príomhrannán faighte agat in éineacht le catagóir, ní éileofar ort an príomhrannán a dhéanamh arís.
- Níl mórán taithí agam ar ríomhairí. An mbeidh sé seo ina fhadhb?
Cuirtear an tástáil i láthair i bhformáid atá an-éasca a úsáid agus go hiondúil ní bhíonn sé ina fhadhb d’iarrthóirí nach bhfuil mórán taithí acu ar ríomhairí. Cuirfear ceacht teagaisc i láthair ag tús na tástála a mhíneoidh an chaoi a n-oibríonn an tástáil. Is féidir an tástáil a dhéanamh le scáileán tadhaill atá éasca le húsáid, nó le luchóg agus méarchlár.
- An bhfuil seisiún cleachtaidh ann ionas go bhféadfainn dul i dtaithí ar an scrúdú agus ar an gcóras ríomhaireachta?
Tá – tá rannán gearr cleachtaidh ann a mhíníonn an chaoi chun naisc an scrúdaithe a leanúint ar an scáileán.
- Céard a tharlóidh má dhéanaim botún? An féidir liom m’intinn a athrú?
Is féidir – tá bealach simplí ann chun freagra a chealú agus ceann eile a roghnú.
- Má tá fadhb agam, an féidir liom ceisteanna a fhágáil agus dul ar ais orthu níos deireanaí?
Is féidir leat ceisteanna a fhágáil agus dul ar ais orthu níos deireanaí.
- Má chríochnaím an tástáil luath, an féidir liom imeacht?
Is féidir.
- Cén chaoi a mbeidh fhios agam go bhfuil pas faighte agam?
Gheobhaidh tú fógra maidir le feidhmíocht ag an ionad tástála. Eiseoidh an RSA na torthaí oifigiúla.
- Má theipeann orm, an inseofar dom céard a rinne mé mícheart?
Inseofar– tabharfar miondealú scrúdaithe duit de réir rannáin agus catagóire.
- Céard a tharlóidh má chaillim mo choinne tástála?
Má theipeann ort teacht go dtí an t-ionad nó má chuireann tú do choinne ar ceal taobh istigh de 5 lá ó do choinne tástála, caillfidh tú do tháille tástála. Beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an RSA chun do theidlíocht a shocrú arís.
- Céard a tharlóidh má theipeann orm? Cé chomh luath is a mbeidh mé in ann an tástáil a dhéanamh arís?
Beidh ort fanacht trí lá ar a laghad chun iarratas nua a dhéanamh.
- An mbeidh orm íoc arís?
Beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an RSA chun íocaíocht a údarú.
- An bhfuil teorainn ar an méid uaireanta ar féidir liom an tástáil a dhéanamh?
Níl srian ar an líon iarrachtaí atá ceadaithe don tástáil seo ach amháin nár mhór na trí chéim uile den phróiseas scrúdaithe ADI a bheith comhlánaithe laistigh de dhá bhliain den dáta iarratais.
- Má éiríonn liom pas a fháil, céard a dhéanfaidh mé ansin?
I ndiaidh duit an tástáil teoirice a chomhlánú go ráthúil, gabhfaidh tú ar aghaidh go dtí céim a dó den phróiseas cáilithe ADI.
- Cé a sholáthraíonn an Tástáil Teoirice ADI?
Cuireann Prometric Ireland Limited an Tástáil Teoirice ADI ar fáil, thar ceann an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

