Conas Ceadúnas Chatagóir C Trucail a Fháil
Má tá sé ar intinn agat Trucail i gCatagóir C a thiomáint go proifisiúnta (mar pháirt do chuid oibre), tá seo a leanas le déanamh ROIMH iarratas a chur isteach ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre do thástáil Tiomána Trucaile nó Phraiticiúil:
1. Scrúdú Teoirice do Thiománaithe Catagóire C 2. Scrúdú Teoirice do Thiománaithe CPC (Teastas Inniúlachta Gairmiúla) Cuid 1. Ceisteanna Ilroghnacha CPC (Teastas Inniúlachta Gairmiúla) do Thrucail, scrúdú, a chlúdaíonn na hábhair go léir sa tsiollabas do Thiománaithe CPC (Teastas Inniúlachta Gairmiúla) i bhfoirm ceisteanna ilroghnacha. Cuid 2. Cás-Staidéir Trucaile CPC (Teastas Inniúlachta Gairmiúla) scrúdú, ina bhfuil trí Chás Tástála ar shainábhair Catagóire C. Féach ar an CPC section chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do thástáil a chur in áirithe. NÓTA: 1. Tá tiomáint feithiclí faoi leith díolmhaithe ó na riachtanais CPC. Féach ar an gcuid FAQ nó ar an suíomh gréasáin RSA CPC le haghaidh tuilleadh eolais led’ thoil. 2. Caithfidh tú pas a fháil sa dá chuid den Scrúdú Teoirice do Thiománaithe CPC (Ceadúnas Inniúlachta Gairmiúla) roimh iarratas a chur isteach ar an Tástáil Tiomána Trucaile agus Phraiticiúil.
Caithfidh tú pas a fháil sa Scrúdú Teoirice do Thiománaithe Trucaile – Catagóir C roimh iarratas a chur isteach ar Oifig Motarchánach (MTO) chun Cead Foghlaimeora Catagóire C a fháil. Féach ar DTT section chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do thástáil a chur in áirithe.
Nuair atá do Chead Foghlaimeora agat, ansin caithfidh tú pas a fháil sa Scrúdú Teoirice do Thiománaithe CPC (Teastas Inniúlachta Gairmiúla) ROIMH cur isteach ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre don Tástáil Tiomána Trucaile agus Phraiticiúil. Tá an Scrúdú Teoirice do Thiománaithe CPC (Teastas Inniúlachta Gairmiúla) i 2 chuid;

