traffic light
Ag Obair Chun Beatha a Shábháil

English

Theorytest.ie > CPC > Ceisteanna Coitianta

  • Theorytest.ie Baile
  • CPC Baile
  • Suíomhanna Ionad Tástála
  • Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin
  • Taithí Tástála
  • Riachtanais maidir le Cruthúnas Céannachta
  • Ábhar Athbhreithnithe
  • An chaoi do thástáil a chur in áirithe
  • Ceisteanna Coitianta

coach

Ceisteanna Coitianta

Cén fáth ar tugadh an tástáil isteach?

Tugadh an próiseas deimhnithe CPC do Thiománaithe isteach ar fud an AE faoi Threoir 2003/59/CE.  Ní mór, ón 10ú Meán Fómhair 2008, do na tiománaithe gairmiúla nua Bus go léir agus ní mór, ón 10ú Meán Fómhair 2009, do na tiománaithe gairmiúla nua Trucaile go léir pas a fháil sna tástálacha teoirice CPC do Thiománaithe sula gcuirfidh siad isteach ar Thástáil Tiomána agus Phraiticiúil. Is é cuspóir an CPC do Thiománaithe ardchaighdeáin maidir le sábháilteacht ar bhóithre, sláinte agus sábháilteacht agus tiomáint a leagan agus a chothabháil i measc tiománaithe gairmiúla busanna agus trucailí (na tiománaithe siúd arb í an tiomáint a slí bheatha).

Cé mhéid tástáil teoirice atá i gceist?

Ní mór do na tiománaithe go léir pas a fháil sa dhá thástáil teoirice CPC, tástáil ilroghnach a bhainfeadh le tiománaithe bus agus trucaile araon agus tástáil lena mbainfeadh cás-staidéir ina mbeadh ceisteanna ábhartha do bhusanna agus do thrucailí.  Léireodh na cás-staidéir seo gnáth-eachtraí a tharlódh i dtimpeallacht na hoibre.

An féidir liom na tástálacha a ghlacadh in aon ordú?

Is féidir leat na tástálacha TCG a ghlacadh in ordú ar bith.

An mbeidh orm tástáil teoirice Bus Cat D a phasáil sular féidir liom tástálacha TCG a ghlacadh?

Beidh. Is réamhriachtanas é chun gur féidir na tástálacha teoirice CPC do Thiománaithe a dhéanamh.  Ní mór duit chomh maith ceadúnas bailí foghlaimeora a thaispeáint ar lá na tástála mar chuid de na seiceálacha a dhéanfar ar chéannacht.  I gcás nach mbeidh ceadúnas tiomána ná ceadúnas foghlaimeora agat do CHATAGÓIR D nó do CHATAGÓIR C ní cheadófar duit an tástáil a dhéanamh.

An bhfuil tástáil sainordaitheach?

Má tá láncheadúnas trucaile nó bus agat sula dtagann an TCG i bhfeidhm (is é sin 10 Meán Fómhair 2008 maidir le busanna agus 10ú Meán Fómhair 2009 maidir le trucailí) beidh tú i dteideal go huathoibríoch ar do TCG Tiománaí agus más mian leat leanúint ar aghaidh mar thiománaí gairmiúil beidh ort ar a laghad 35 d'uaireanta traenáil a dhéanamh sa chéad chúig bhliain eile. Trí thraenáil a dhéanamh, beidh tú i dteideal an Teastas Cumais Ghairmiúil a choinneáil. Déantar é seo lá amháin in aghaidh na bliana le linn na cúig bliana.

Conas is féidir liom cur isteach ar thástáil?

Is féidir leat cur isteach ar líne ach dul go www.theorytest.ie nó glaoch ar 1890 606 106 (Ráta Íosghlao).

Cad a tharlaíonn i ndiaidh dom an tIonad a bhaint amach?

Déanfaidh an fhoireann ag an Ionad Tástála do chuid doiciméad (litir dheimhniúcháin) a sheiceáil agus d’aitheantas a dhaingniú (ceadúnas tiomána bailí/reatha nó ceadúnas foghlaimeora). Déanfar tú a shíniú isteach ansin agus a thabhairt go stáisiún oibre chun an tástáil a thosú. Chomh luath agus a bheidh an tástáil críochnaithe agat, tabharfar duit do thuairisc scórála a thabharfaidh duit toradh na tástála. Breathnaigh le do thoil ar an láithriúchán físeáin chun an próiseas a fheiceáil ina iomláine.

Cad é an t-ábhar nach mór dom a staidéar chun an tástáil a phasáil?

Is féidir teacht ar ábhar réamhullmhúcháin ar an suíomh gréasáin - Theorytest.ie  Ina theannta sin tá an t-eolas go léir a bheidh uait chun cabhrú leat na tástálacha CPC a dhéanamh agus pas a fháil iontu le fáil in ‘Rialacha an Bhóthair’ agus i lámhleabhair amhail ‘The Official DSA Guides to Driving Buses / Coaches and Goods Vehicles’ ach staidéar a dhéanamh go cúramach orthu.

Cé chomh fada agus a mhairfidh an tástáil?

Is 2 uair agus 35 nóiméad an t-am iomlán tástála don tástáil ar Cheisteanna Ilroghnacha CPC. Áirítear leis an am seo seisiún roghnach trialach agus suirbhé sástachta.  Tabharfar 120 nóiméad duit san am iomlán tástála chun an 100 ceist a fhreagairt.

Cé mhéid ceist atá sa tástáil?

Tá 100 ceist i dtástáil TCG-MPQ.
I dtástáil Cás-Staidéir TCG tá trí chnámh scéil le 15 ceist i ngach ceann agus 45 ceist mar iomlán.

An féidir liom mo choinne tástála a athsceidealú?

Is féidir leat do choinne tástála a athsceidealú fad is a dhéantar an t-iarratas 5 lá oibre roimh an gcoinne tástála.

Níl mé thar mholadh beirte le ríomhairí, an mbeidh fadhb leis seo?

Ní bheidh – óir páirt den tástáil is ea an rogha seisiúin chleachtaidh a ghlacadh chun eolas a chur ar an mbealach ina n-oibríonn an tástáil. Má tá ceisteanna nó fadhbanna ar bith agat, ullmhaítear an fhoireann seo againn chun cuidiú leat.

An bhfuil seisiún cleachtaidh ann go gcuire mé eolas ar an scrúdú agus ar an gcóras ríomhaireachta?

Tá – tá seisiún cleachtaidh gearr ann a thugann tú tríd an scrúdú ar scáileán.

Cad a tharlóidh más rud é go ndéanaim botún an féidir liom m’intinn a athrú?

Is féidir – tá bealach simplí ann chun do fhreagra a athrú agus ceann eile a roghnú.

Má éirím i bponc an féidir liom ceisteanna a fhágáil ar lár?

Is féidir – is féidir leat léim thairis ar cheisteanna agus filleadh orthu arís.

Más rud é go gcríochnaím go luath, an féidir liom fágáil?

Is féidir.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil mé i ndiaidh pas a fháil?

Ag deireadh na tástála, tabharfar duit tuairisc scórála (litir) a chuirfidh in iúl duit ar éirigh leat sa tástáil.

Más rud é go dteipeann orm, an n-inseofar dom cén áit a ndeachaigh mé cearr?

Inseofar – tabharfar duit sonraí de do scrúdú de réir rannáin agus catagóra nó cnámh scéil.

Cad a tharlóidh má chaillim mo choinne tástála?

Má theipeann ort teacht i láthair ag an ionad nó cealú taobh istigh de 5 lá ó do thástáil, caillfidh tú do tháille tástála.

Cad a tharlóidh má theipfidh orm/ Cé chomh luath agus is féidir liom an tástáil a ghlacadh arís?

Beidh ort trí lá ar a laghad a chaitheamh sular féidir leat iarraidh arís.

An mbeidh orm íoc arís?

Beidh, beidh ort íoc gach babhta a dhéanann tú coinne tástála.

An bhfuil teorainn leis an méid uaireanta is féidir liom an tástáil a ghlacadh?

Ní chuirtear aon srian leis an méid iarrachtaí a cheadaítear don tástáil seo.

Má éiríonn liom, cad a dhéanfaidh mé ansin?

I ndiaidh éirí leat sna tástálacha teoirice, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an Údarás chun leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas chun cáilíocht TCG a bhaint amach.

Cé a fheidhmíonn seirbhís Tástála Teoirice TCG?

Oibrítear Seirbhís Tástála Teoirice TCG ag Prometric Ireland Ltd thar ceann an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Cá bhfaighidh mé eolas faoin bpróiseas chun ceadúnas Tiománaí TCG a fháil?

Chun sonraí iomlána a fháil faoin bpróiseas iarratais a bhaineann le ceadúnas Tiománaí TCG, gabh go láithreán Gréasáin Aonad TCG an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, láithreán gréasáin an Aonaid um Dheimhnithe ar Inniúlacht Ghairmiúil"

Cén costas a bheidh ar an tástáil?

Is é an táille atá i gceist do thástáil Ilroghnach TCG ná €72. Is é an táille do tháille Cás-Staidéar TCG €72. Íocfar as gach tástáil ar leith.

Tá tiománaithe áirithe sa chatagóir a bhaineann le ceadúnais bus díolmhaithe ó na hathruithe, an féidir libh samplaí a thabhairt dom de cé atá díolmhaithe?

Ní bheadh CPC do Thiománaithe riachtanach do thiománaithe feithiclí a mbainfí úsáid neamhthráchtála astu, mar shampla, tiománaí a bheadh ag tiomáint mar oibrí deonach, tiománaithe feithiclí éigeandála nó tarrthála, tiománaithe feithiclí ar mhaithe le teagasc tiomána, tiománaithe feithiclí a úsáideann tiománaí le linn a chuid oibre nó a cuid oibre ar an gcoinníoll nárbh í tiomáint na feithicle príomhghairm an tiománaí mar shampla Ní gá do phluiméir a úsáideann trucail éadrom chun a chuid nó a cuid ábhar a iompar CPC do Thiománaithe a bheith aige/aici. Bheadh CPC do Thiománaithe ag teastáil ó thiománaí trucaile a bheadh ag iompar stroighne chuig láithreacha.

Naisc Thapa

Cairt do Chustaiméirí
Beartas
Fúinne

Eolas Teagmhála

Teileafón:
Béarla 1890 606 106
Gaeilge 1890 606 806
Fón Téacs 1890 616 216

DTT LOGO

© Road Safety Authority