- Theorytest.ie Baile
- CPC Baile
- Suíomhanna Ionad Tástála
- Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin
- Taithí Tástála
- Riachtanais maidir le Cruthúnas Céannachta
- Ábhar Athbhreithnithe
- An chaoi do thástáil a chur in áirithe
- Ceisteanna Coitianta

Cabhair Uait? Áiseanna ar Líne a Bhaineann le Tástáil TCG
An chaoi do thástáil a chur in áirithe
AR-LÍNE
Déan áirithint ar-líne ag www.theorytest.ie (slán agus ar fáil 24 uair in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine)
Nóta: Bíodh iad seo le fáil go réidh más é do thoil é:
- Uimhir thiomána
- Uimhir Stoic Cat D/Cat C
- Cárta creidmheasa, cárta dochair, Dearbháin Réamhíoctha 3V Visa
- UPSP
- Do cheadúnas foghlaimeora nó tiománaí
Foirm Iarratais Phoist
Is féidir Foirmeacha Iarratais Poist a íoslódáil anseo agus a sheoladh go Tástáil Teoirice Tiománaí, Bosca 788, An Tóchar, Corcaigh
NÁ SEOL d’fhoirm iarratais go hIonad Tástála Teoirice Tiománaí le do thoil.
Ar mhodh eile, is féidir iad a fháil ón líne chabhrach um chur in áirithe, ionaid tástála teoirice tiománaithe agus oifigí mótarchánacha. (Ba cheart iarratais phoist ar cheadúnas foghlaimeora a sheoladh chuig an Oifig Mótarchánach sa chathair/chontae ina bhfuil cónaí ort).
Táille an Scrúdaithe
Is é an táille atá i gceist do thástáil Ilroghnach TCG ná €70. Is é an táille do tháille Cás-Staidéar TCG €70. Íocfar as gach tástáil ar leith.

