traffic light
Ag Obair Chun Beatha a Shábháil

English

Theorytest.ie > CPC > Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin

  • Theorytest.ie Baile
  • CPC Baile
  • Suíomhanna Ionad Tástála
  • Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin
  • Taithí Tástála
  • Riachtanais maidir le Cruthúnas Céannachta
  • Ábhar Athbhreithnithe
  • An chaoi do thástáil a chur in áirithe
  • Ceisteanna Coitianta

coach

Cabhair Uait? Áiseanna ar Líne a Bhaineann le Tástáil TCG

Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin

Ceapadh na tástálacha CPC sna catagóirí seo a leanas chun caighdeáin sábháilteachta agus tiomána tiománaithe busanna agus trucailí a scrúdú.

 C  Trucailí (nó feithiclí eile) ag a bhfuil ollmheáchan dearaidh níos troime ná 3,500kg agus cóiríocht phaisinéirí iontu d’ochtar (8) (nó níos lú).  (Ní áirítear feithiclí oibre ná tarracóirí talún leo).
C1
Trucailí (nó feithiclí eile) in C ag a bhfuil ollmheáchan dearaidh nach bhfuil níos troime ná 7,500kg.
C
C, C1, EC, EC1

Is ann do cheanglas ón AE, ón 10 Meán Fómhair 2009 maidir leis na tiománaithe nua go léir d’aicme feithiclí C1, EC1, C agus EC agus ón 10 Meán Fómhair 2008 maidir leis na tiománaithe nua go léir d’aicme feithiclí D1, ED1, D agus ED (busanna), go ndéanfaidh siad an scrúdú CPC agus go bhfaighidh siad pas ann chun a gceadúnas faoin gcatagóir riachtanach a fháil.

Ní mór do na hiarrthóirí go léir Ceadúnas Foghlaimeora CATAGÓIR D / CATAGÓIR C (is gá don chatagóir a bheith ábhartha don chatagóir tástála a bheidh á déanamh agat) nó ceadúnas iomlán reatha tiomána CATAGÓIR D/CATAGÓIR C (is gá don chatagóir a bheith ábhartha don chatagóir tástála a bheidh á déanamh agat) a bheith acu chun dul ar aghaidh chun cáilíocht CPC do Thiománaithe a fháil.

Beidh an cárta CPC do Thiománaithe bailí ar feadh 5 bliana agus ní mór é a athnuachan tar éis na tréimhse sin.

Beidh dhá scrúdú i gceist leis an gcáilíocht tosaigh:

  • Ceisteanna Ilroghnacha CPC ar tástáil theoiriciúil 2 uair a chloig atá i gceist léi ina gclúdófar na hábhair go léir sa siollabas CPC do Thiománaithe (atá ar fáil ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre) lena mbainfidh ceisteanna ilroghnacha agus/nó ceisteanna díreacha.

agus ceann amháin díobh seo a leanas:

  • Cás-Staidéir – Bus CPC ar scrúdú é a mhairfidh 2 uair agus 15 nóiméad, lena mbainfidh 3 Chás Thástála a bheidh sonrach do chatagóir D.
  • Cás-Staidéir – Trucailí CPC ar scrúdú é a mhairfidh 2 uair agus 15 nóiméad, lena mbainfidh 3 Chás Thástála a bheidh sonrach do chatagóir C.

í mór duit pas a fháil sa dá thástáil teoirice CPC thuas sular féidir leat iarratas a dhéanamh ar do Thástáil Tiomána Bus CPC.

Féadfaidh tú na tástálacha seo a dhéanamh san ord is rogha leat.

Naisc Thapa

Cairt do Chustaiméirí
Beartas
Fúinne

Eolas Teagmhála

Teileafón:
Béarla 1890 606 106
Gaeilge 1890 606 806
Fón Téacs 1890 616 216

DTT LOGO

© Road Safety Authority