traffic light
Ag Obair Chun Beatha a Shábháil

English

Theorytest.ie > An Tástáil Teoirice Tiomána > Ceisteanna Coitianta maidir leis an Tástáil Teoirice

  • Theorytest.ie Baile
  • TTT Baile
  • Suíomhanna Ionad Tástála
  • Taithí Tástála
  • Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin
  • Riachtanais maidir le Cruthúnas Céannachta
  • An chaoi le tástáil a chur in áirithe
  • Ceisteanna Coitianta maidir leis an Tástáil Teoirice

Learner driver passes test

Ceisteanna Coitianta maidir leis an Tástáil Teoirice

An Tástáil Teoirice Tiomána
Cé mhéad tástálacha teoirice atá ann?

Tá ceithre chatagóir ar leith thástála teoirice tiomána ann: Gluaisrothair agus Móipéidí (Catagóir AM), Carranna agus Feithiclí Oibre agus Tarraiceoirí Talún (Catagóir BW), Feithiclí d’Earraí Troma (Catagóir C) agus Busanna (Catagóir D).
Chomh maith leo sin atá luaite thuas, seachadaítear tástálacha teoirice speisialta do na catagóirí tástála seo a leanas:

  • ADI (Teagascóir Tiomána Faofa)
  • CPC (Teastas in Inniúlacht Phroifisiúnta) do thiománaithe proifisiúnta Bus

 

Cén chaoi a ndéanfainn iarratas chun an tástáil a dhéanamh?

Cliceáil ar an nasc seo: An chaoi chun áirithint a dhéanamh / Áirithint Ar-Líne nó glaoigh ar 1890 606 106 (Ráta Lo Call) nó 1890 616 216 (Fón Téacs) nó leag isteach iarratas tríd an bpost ar féidir é a íoslódáil ó http://www.theorytest.ie/gaeilge/driver-theory-test/application-form.pdf. I gcás na dtástálacha teoirice ADI, bíonn réamhriachtanais i gceist sula bhféadfá iarratas a dhéanamh ar thástáil. Téigh go dtí láithreán gréasáin ADI an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre d’fhonn eolas sonrach a fháil faoin gcaoi chun iarratas a dhéanamh ar thástáil teoirice an ADI.

Céard é costas na tástála?

Is é €35.60 an costas atá ar thástáil teoirice tiomána do Ghluaisrothair agus do Mhóipéidí (Catagóir AM), Carranna agus Feithiclí Oibre agus Tarraiceoirí Talún (Catagóir BW), Feithiclí Earraí Troma (Catagóir C) agus Busanna (Catagóir D)

Cén chaoi a n-íocfaidh mé?

Le cárta creidmheasa/ laser, seic nó le hordú poist nó le ríomh-dhearbhán ar fáil ó shiopaí Payzone.

An bhfuil an tástáil ar fáil i nGaeilge?

Tá.

Cé mhéad ionad tástála atá ann?

Tá 41 suíomh ar fud na tíre a bhfuil ionaid tástála bhuana nó ionaid tástála shoghluaiste ag déanamh freastail orthu.

Céard a tharlóidh nuair a rachaidh mé go dtí an tIonad?

Déanfaidh baill foirne an Ionaid Tástála seiceáil ar do cháipéisíocht d’fhonn do chéannacht a dhearbhú mar aon le sonraí do cheadúnais tiomána máh theastaíonn sé. Síneofar isteach ansin thú, tógfar do ghrianghraif agus míneoidh Riarthóir Ionaid Tástála na nósanna imeachta duit mar aon leis an gcaoi a n-oibríonn an tástáil. Taispeánfaidh siad ansin an áit a bhfuil do staisiún oibre agus déanfaidh tú an tástáil ansin.

Cén fhad a thógfaidh sé an tástáil a dhéanamh?

Tabharfar 45 nóiméad duit chun 40 ceist a fhreagairt i gcás tástálacha teoirice sna catagóirí seo a leanas; Gluaisrothair agus Móipéidí (Catagóir AM), Carranna agus Feithiclí Oibre agus Tarracoirí Talún (Catagóir BW), Feithiclí d’Earraí Troma (Catagóir C) agus Busanna (Catagóir D). Roghnófar na ceisteanna ar bhonn randamach ón taisce ceisteanna do na rannóga tástála ábhartha.

Cé mhéad de na 40 ceist a bheidh orm freagairt i gceart?

35.

Níl mórán taithí agam le ríomhairí. An mbeidh sé seo ina fhadhb?

Cuirtear an tástáil i láthair i bhformáid atá an-éasca le húsáid agus go hiondúil ní bhíonn sé ina fhadhb d’iarrthóirí nach bhfuil mórán taithí acu le ríomhairí. Cuirfear ceacht teagaisc i láthair ag tús na tástála a mhíníonn an chaoi a n-oibríonn an tástáil. Is féidir an tástáil a dhéanamh le scáileán tadhaill atá éasca a úsáid, nó le luchóg agus méarchlár.

Tá deacrachtaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta agam, an gcuirfidh sé seo isteach ar mo chumas chun an scrúdú a dhéanamh?

Tá roghanna éagsúla ann chun cabhrú le hiarrthóirí a bhfuil riachtanais speisialta léitheoireachta acu an tástáil a dhéanamh. Tairgimid rogha guthaithe ina léitear amach na ceisteanna agus na freagraí ar chluasáin. Anuas air sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar am breise chun do scrúdú a dhéanamh. Tairgimid freisin seirbhís léitheora/taifeadta ina léann ball foirne na ceisteanna agus na freagraí don iarrthóir agus ina dtaifeadann siad a bhfreagra ar an scáileán. Má tá uait iarratas a dhéanamh ar am breise nó ar thástáil léitheora/taifeadta, scríobh chugainn le do thoil leis an bhfianaise ar pháipéar oifigiúil ceannteidil ó mhúinteoir, dochtúir nó ó dhuine proifisiúnta ag dearbhú an cúnaimh atá uait. Is é an seoladh a scríobhfaidh tú chuige ná Tástáil Teoirice Tiomána, Cúram Custaiméirí, Bosca Poist 788, An Tóchar, Corcaigh

An bhfuil ábhar staidéir ann ar féidir liom é a cheannach agus cá bhféadfainn é a fháil?

Ba cheart staidéar a dhéanamh ar an leabhar ceisteanna An Tástáil Teoirice Tiomána Oifigiúil – Ceathrú hEagrán (€17.99) nó an dlúthdhiosca (€17.99) sula ndéanfaidh tú do scrúdú. Is féidir na foilseacháin seo a cheannach ar-líne ag www.theorytest.ie, ónár líne faisnéise agus áirithinte ar 1890 606106 (táille bhreise le haghaidh postais agus pacála) nó ó shiopaí leabhair maithe ar fud na tíre.

Céard a tharlóidh má chaillim mo choinne tástála?

Má theipeann ort teacht go dtí an t-ionad in am le haghaidh do choinne tástála nó má chuireann tú ar ceal é taobh istigh de 5 lá ó do choinne tástála, caillfidh tú do tháille tástála.

Má dhéanaim botún, an féidir liom m’intinn a athrú agus freagra eile a roghnú?

Is féidir, tá bealach simplí ann chun do fhreagra a chealú agus ceann eile a roghnú.

Má tá fadhb agam, an féidir liom ceisteanna a fhágáil agus dul ar ais orthu níos deireanaí?

Is féidir leat ceisteanna a fhágáil agus dul ar ais orthu níos deireanaí.

Má chríochnaím an tástáil luath, an féidir liom imeacht?

Is féidir.

Cathain a chuirfear an toradh in iúl dom?

I gcás ina ngnóthóidh tú pas sa tástáil tabharfar an Teastas Teoirice Tiomána duit (más cuí é i gcás do thástáil) sula bhfágfaidh tú an tIonad Teoirice Tiomána.

Má theipeann orm, an gcuirfear in iúl dom cá ndeachaigh mé amú?

Lá na tástála tabharfar tuairisc scríofa duit (más cuí i gcás do thástáil) a léireoidh na réimsí inar thug tú na freagraí míchearta ar na ceisteanna..

Má theipeann orm, cé chomh luath ar féidir liom an tástáil a dhéanamh arís?

Beidh ort fanacht ar a laghad trí lá chun iarratas nua a dhéanamh.

An bhfuil teorainn ar an méid uaireanta ar féidir liom an tástáil a dhéanamh?

Níl.

Céard í an chéad chéim eile tar éis dom pas a fháil?

Is féidir leat cur isteach ar do chead foghlaimeora ag d’údarás ceadúnaithe áitiúil – go hiondúil Oifig Mótarchánach d’údaráis áitiúil.

Céard a tharlóidh má chaillim mo theastas pas?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar theastas dúblach trí litir a scríobh a mbeidh d’ainm, do sheoladh, d’uimhir PSP agus do dháta breithe air in éineacht le seic nó ordú poist do €15.00, íocha do Prometric Ireland Limited, don seoladh seo a leanas: Tástáil Teoirice Tiomána, Seirbhís do Chustaiméirí, Bosca Poist 788, An Tóchar, Corcaigh

Cén uair ar féidir liom mo thástáil teoirice a dhéanamh?

Is féidir leat an tástáil a dhéanamh ag am ar bith go teoiriciúil, ach ní bheidh do Theastas Pas bailí ach ar feadh dhá bhliain ó dháta do thástála. Mura bhfuil iarratas leagtha isteach agat ag údarás ceadúnaithe taobh istigh de dhá bhliain le haghaidh do chéad chead foghlaimeora, beidh ort an tástáil a dhéanamh agus íoc as arís.

Céard a dhéanfaidh mé más mian liom catagóir eile a chur le mo cheadúnas tiomána reatha?

Éileofar ort tástáil teoirice tiomána a dhéanamh agus pas a fháil más é seo do chéad cheadúnas sealadach/cead foghlaimeora i gcatagóir shonrach. Ní mór duit iarratas a dhéanamh go dtí d’údarás ceadúnaithe áitiúil agus do theastas tástála teoirice foghlaimeora a leagan isteach i ndáil leis an catagóir sin. (Ba cheart iarratais phoist ar chead foghlaimeora a sheoladh go dtí an Oifig Mótarchánach sa chathair/contae ina bhfuil tú i do chónaí).

Cé a chuireann an tSeirbhís Tástála Teoirice Tiomána ar fáil?

Prometric Ireland, cuid den Ghrúpa ETS, ar son an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Naisc Thapa

Cairt do Chustaiméirí
Beartas
Fúinne

Eolas Teagmhála

Teileafón:
Béarla 1890 606 106
Gaeilge 1890 606 806
Fón Téacs 1890 616 216

DTT LOGO

© Road Safety Authority