Maidir Linne

driver-theory-test-ireland-about-us-heroFáilte go dtí seirbhís áirithithe na Tástála Teoirice Tiomána Oifigiúla! Tugtar ar an suíomh Gréasáin oifigiúil seo faisnéis faoi thástáil teoirice a áirithiú agus faoi ullmhúchán a dhéanamh don tástáil.

Is é Prometric Ireland Ltd a fheidhmíonn an tseirbhís seo thar ceann an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA). Fochuideachta atá faoi lánúinéireacht na Seirbhíse Tástála Oideachais (ETS) is ea Prometric, a bhfuil a cheanncheathrú lonnaithe in Baltimore, Maryland, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ina theannta sin, is soláthraí iontaofa é de réitigh theicneolaíochtchumasaithe thástála agus mheasúnaithe.

Tá Prometric ag obair le breis agus 20 bliain anuas, agus na réitigh chearta ó thaobh forbairt agus soláthar tástálacha á gcur ar fáil aige do na heagraíochtaí is inaitheanta ar domhan.

Tá an Tástáil Teoirice Tiomána, an Tástáil Teoirice CPC Tiománaithe agus an Tástáil Teoirice ADI ar fáil i níos mó ná 40 láthair Ionad Tástála ar fud Phoblacht na hÉireann mar chuid de phróiseas an RSA um thiománaithe a thástáil agus a cheadúnú, agus tacaíocht á tabhairt aige don Straitéis Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Tá seirbhís na Tástála Teoirice Tiomána tiomanta do na caighdeáin is airde a chur ar fáil ó thaobh seirbhíse do chustaiméirí de.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Prometric nó faoin RSA, tabhair cuairt le do thoil ar Prometric.comRSA.ie.

Chun cúnamh ginearálta a fháil, áirithint a dhéanamh nó faisnéis a fháil faoi na seirbhísí a sholáthraímid, féach an rannán Teagmháil a Dhéanamh Linn le do thoil ar an suíomh Gréasáin seo.