Fáilte go dtí an tseirbhís áirithithe oifigiúil le haghaidh do Thástála Teoirice Tiomána! Cuirtear faisnéis ar fáil sa rannán seo faoi conas Tástáil Teoirice Tiomána a áirithiú agus conas ullmhú ina leith.
| 5 CHÉIM CHUN DO THÁSTÁIL A ÁIRITHIÚ | ||||
|---|---|---|---|---|
| Catagóir Tástála a Roghnú | Na Riachtanais ID a Sheiceáil | Athbhreithniú a dhéanamh | Ionad Tástála a Roghnú | Do Thástáil a Sceidealú |
Eispéireas na Tástála
Is féidir leat féachaint ar eispéireas an Ionaid Tástála trí chliceáil ar an scáileán thíos:
Tabhair faoi deara: Faoi láthair níl aon riachtanas ann chun do ghriangrhraf a thógáil san ionad tástála. Dá mbeadh athrú ar bith don cleachtas seo, beidh sé chuirthe in iúl duit i do litir deimhniú.
Do Thástáil Teoirice a Athsceidealú nó a Chur ar Ceal
Más mian leat d’áirithint don Tástáil Teoirice Tiomána a athsceidealú nó a chur ar ceal, tabhair do d’aire le do thoil nach mór duit é sin a dhéanamh tríd an leathanach Do Thástáil a Athsceidealú/a Chur ar Ceal tráth nach déanaí ná 5 lá oibre (lena n-áirítear 3 lá oibre iomlána) roimh dháta do thástála.
Mar mhalairt air sin, cuir glao ar ár bhFoireann Seirbhísí d’Iarrthóirí ar 1890 606 106 (ráta Íosghlao). Tá an fhoireann ar fáil Luan go hAoine ó 8am go 6pm (gan laethanta saoire poiblí a áireamh).
Forbhreathnú ar Tháillí
| Catagóir | Táille |
|---|---|
| A (Gluaisrothar/Móipéid) nó B (Carr/Tarracóir agus Feithiclí Oibre) | €45.00 |
| C (Trucail) nó D (Bus) | €72.00 |
| CD (Bus agus Trucail) | €84.00 |
| Tástáil Modúil Bhus (BMT) | €45.00 |
| Tástáil Modúil Trucaile (TMT) | €45.00 |